104
Léigh Mise ar dTús
Ní chóir an ríomhaire seo a úsáid le trealaimh leighis mar
shampla córais tacaíochta- saoil, córais tráchta aeir, nó
aon trealaimh eile nó córais a bhaineann leis an saol
daonna a chosaint nó le sábháilteacht. Ní féidir le
Panasonic a bheith freagrach ar chor ar bith as aon
damáistí nó caillteanas a tharlaíonn toisc an ríomhaire
seo a úsáid leis na cineálacha trealaimh, uirlisí nó córais,
srl.
Má Bhíonn Fadhb Ann, Díphlugáil an Phlocóid AC
agus an Paca Bataire Láithreach
• Tá an táirge seo damáistithe
• Tá ábhar coimhthíoch istigh sa táirge seo
• Astú deataigh
• Astú bolaidh aisteach
• Ró-the
Má leantar ar aghaidh ag úsáid an táirge seo agus aon
cheann de na coinníollacha thuasluaite a bheith i láthair,
d’fhéadfadh tine nó geit leictreach a tharlú.
• Má bhíonn fadhb ann, múch an chumhacht agus díphlugáil
an phlocóid AC, agus ansin bain an paca bataire de. Ansin,
déan teagmháil le d’oifig tacaíochta theicniúil.
Ná Cuir Do Lámh Ar An Táirge Seo Nuair A Bhíonn
Toirneach Ann
D’fhéadfadh geit leictreach a tharlú.
Ná Ceangail an Cuibheoir AC le Foinse Cumachta Ach
Amháin Gnáth-Asraon AC Teaghlaigh
D’fhéadfadh tine a tharlú toisc róthéamh. D’fhéadfadh
damáiste a dhéanamh don chuibheoir AC dá gceanglófaí
an táirge le tiontaire DC/AC (inbhéartóir). Ar eitleán,
ceangail an cuibheoir AC/luchtaire le hasraon AC atá
ceadaithe go sonrach le haghaid úsáide dá leithéid.
Ná Déan Aon Rud a Dhéanfadh Damáiste don Chorda
AC, don Phlocóid AC nó don Chuibheoir AC
Ná déan damáiste don chorda nó ná athraigh é, ná cuir in
aice le huirlisí te é, ná lúb, ná tarraing é go garbh, ná cuir
earraí troma air nó ná déan ualach teann air.
Má leantar ar aghaidh ag úsáid corda damáistithe,
d’fhéadfadh tine, gearrchiorcad nó geit leictreach a tharlú.
Ná Tarraing nó ná Cuir Isteach an Phlocóid AC Nuair a
Bhíonn Do Lámha Fliuch
D’fhéadfadh geit leictreach a tharlú.
Glan Deannach agus Salachar ón Phlocóid AC go
Rialta
Má bhailíonn deannach nó salachar eile ar an bplocóid,
d’fhéadfadh bogthais agus srl., cur isteach ar an insliú,
agus d’fhéadfadh tine a tharlú.
• Tarraing an phlocóid, agus triomaigh í le héadach tirim.
Tarraing an phlocóid mura mbíonn an ríomhaire á úsáid
ar feadh i bhfad.
Cuir an Phlocóid AC Isteach go hIomlán
Mura mbíonn an phlocóid curtha isteach go hiomlán,
d’fhéadfadh tine nó geit leictreach a tharlú toisc róthéamh.
• Ná húsáid plocóid damáistithe nó asraon scaoilte AC.
Ná Cuir Coimeádáin Leachta nó Míreanna Miotail ar
Barr an Táirge Seo
Má dhoirtear uisce nó leacht eile, nó má thiteann fáiscíní
páipéir, boinn airgid nó ábhar comhthíoch eile isteach sa
táirge, d’fhéadfadh tine nó geit leictreach a tharlú.
• Má dhoirtear uisce ar an méarchlár, léigh an bhileog
eolais “If You Spill Water on the Keyboard”. Nuair a
théann ábhar comhthíoch eile isteach sa táirge, múch
an chumhacht ar an bpointe, díphlugáil an phlocóid AC
agus bain an paca bataire de. Ansin, déan teagmháil le
d’oifig tacaíochta theicniúil.
Ná Dídhíol an Táirge Seo
Tá áiteanna ardvoltais taobh istigh den táirge a
d’fhéadfadh geit leictreach a thabhairt duit má chuireann
tú do lámh orthu. Ná cuir do lámh ar na pionnaí agus ar
na cláir chiorcad laistigh den táirge, agus ná lig d’ábhar
comhthíoch dul isteach i do tháirge.
D’fhéadfadh tine a tharlú freisin toisc athshamhail nó
dídhíol a dhéanamh air.
Ná Lig Do Naíonáin agus do Pháistí Óga do Chártaí
Cuimhne SD a Rochtain
Má dhéantar é a shlogadh go neamhdheonach,
d’fhéadfadh gortú coirp a tharlú.
Má dhéantar é a shlogadh go neamhdheonach, déan
teagmháil le dochtúir láithreach.
Ná Cuir an Táirge Seo ar Dhromchlaí
Neamhsheasmhacha
Mura mbíonn an táirge seo sochar, d’fhéadfadh sé a
thitim agus d’fhéadfadh gortú a tharlú.
Ná Cuir ar Mhullach a Chéile
Mura mbíonn an táirge seo sochar, d’fhéadfadh sé a
thitim agus d’fhéadfadh gortú a tharlú.
Ná Coimeád an Táirge Seo in Áit ina Bhfuil a Lán
Uisce, Taise, Gaile, Deannaigh, Gal Olaigh, srl. ann
D’fhéadfadh tine nó geit leictreach a tharlú.
Réamhchúraimí
NÍ CHOMHAIR AN EARRA SEO A ÚSÁID MAR, NÓ MAR
CHUID DE CÓRAIS/TREALAMH NÚCLEACHA, CÓRAIS
TRÁCHTA AEIR, NÓ I CÓRAIS/TREALAMH CHABÁIN
EITLEÁIN
*1
. NÍL PANASONIC BAINTE LE AON
DLÍTEANAS A DTITFEADH AMACH DE BHÁRR ÚSÁID AN
EARRA SEO DE BHÁRR ÚSÁIDÍ ‘FORGOING’.
*1
CÓRAIS/TREALAIMH CHÁBÁIN EITLEÁIN, san áireamh
tá Cuid2 Córais Mála Eitleáin Leictreach (EFB) agus Cuid
1 Córais EFB nuair atá said á n-úsáid le linn amanna
tábhachtacha an turas eitléana (msh. Ag eirí agus ag
teacht chun talamh) agus/nó ag dul anuas ar an eitleán.
Cuid 1 Córais EFB agus tá 2 Chorais EFB sainmhínithe
mar FAA: AC (Imlitir Comharleacha) 120-76A nó JAA:
JAA TGL (Leathanaigh Stiúradh Sealadacha) Uimh. 36.
Ní feidir le Panasaonic bheith cinnte aon speisialtachtaí,
teicneolaíochaí, dúshlántacht nó sábháilteacht (msh. Lasú/
Deatach/Tocsaineachas/Scaoileadh Miniciochta Raidió, &rl.)
riachtanaisí a bhaineann le caighdeánacha eitleoireachta a
sháraíonn na speisialtachtaí den COTS Earraí (Commercial-
Off-The-Shelf).
39-Ga-1
PL_CF-Y7_W7.book 104 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分
Summary of Contents for CF-Y7B
Page 175: ...PL_CF Y7_W7 book 175 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 176: ...PL_CF Y7_W7 book 176 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 177: ...PL_CF Y7_W7 book 177 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 178: ...PL_CF Y7_W7 book 178 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 179: ...PL_CF Y7_W7 book 179 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 180: ...PL_CF Y7_W7 book 180 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 181: ...PL_CF Y7_W7 book 181 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 182: ...PL_CF Y7_W7 book 182 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 183: ...PL_CF Y7_W7 book 183 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 184: ...PL_CF Y7_W7 book 184 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 187: ...PL_CF Y7_W7 book 187 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 188: ...PL_CF Y7_W7 book 188 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 189: ...PL_CF Y7_W7 book 189 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 190: ...PL_CF Y7_W7 book 190 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...
Page 191: ...Memo PL_CF Y7_W7 book 191 ページ 2008年3月12日 水曜日 午前10時15分 ...