Má tá aon treoir ann nach dtuigtear
, ceadaigh an lámhleabhar nó déan teagmháil linn sula dtéann tú
níos faide.
Sábháilteacht, gach táirge:
DANGER
léiríonn sé staid ghuaiseach as a leanfaidh bás nó tromghortú, mura
seachnaítear í.
W
ARNING
léiríonn sé staid ghuaiseach, a bhféadfadh bás nó tromghortú a bheith ina
thoradh air
, mura seachnaítear í.
CAUTION
léiríonn sé staid ghuaiseach, as a leanfaidh mionghortú nó dochar measartha,
mura seachnaítear í. Úsáidtear é, leis, chun rabhadh a thabhairt i gcás cleachtais neamhshábháilte.
ceaptha leis an úsáideoir a chur ar an eolas maidir le “voltas contúirteach” neamhinslithe
laistigh d’imfhálú an fhuaraitheora.
Tá an voltas suntasach a dhóthain le bheith ina bhaol turrainge
leictrí.
léiríonn sé dromchlaí te.
léiríonn sé gur chóir an lámhleabhar a léamh.
Ná húsáid an trealamh mar ghléas steiriúil nó mar ghléas a nasctar le hothar
. Lena chois sin, níor
ceapadh an trealamh lena úsáid i Láithreacha Guaiseacha
Aicme I, II nó III mar a shainmhínítear sa
Chód Náisiúnta Leictreach.
Ná cuir an folcadán in áit nó in atmaisféar ina bhfuil teas iomarcach, taise, nó ábhair chreimneacha. Ceadaigh lámhleabhar an úsáideora go bhfeice tú na paraiméadair oibríochtúla.
Ceangail an trealamh d’asraon atá talmhaithe i gceart.
Níl an cosantóir ciorcaid atá suite ar chúl an fholcadáin ceaptha le gníomhú mar mhodh dícheangail.
Ná hoibrigh an t-athfhillteoir ach amháin leis an corda líne soláthraithe. Má úsáidtear corda cumhachta an athfhillteora mar ghléas dícheangail, ní mór teacht a bheith air i gcónaí.
Cinntigh nach mbíonn aon teagmháil idir na cordaí leictreacha agus aon cheann de na naisc nó an feadánra pluiméireachta.
Cinntigh go bhfuil aon phort draenála taiscumair dúnta agus go bhfuil gach nasc pluiméireachta daingean. Cinntigh, leis, go mbaintear aon iarmhar go hiomlán sula líontar
.
Treoracha Riachtanacha Sábháilteachta
Folcadáin Saotharlainne
Chun doirteadh a sheachaint, cuir do ghabhdáin isteach san fholcadán sula líontar iad.
Ná húsáid ach na leachtanna ceadaithe atá liostaithe sa lámhleabhar
. Cuirtear an baránta ar
neamhní má úsáidtear leachtanna eile. Ná húsáid gliocól 100% riamh.
Agus uisce is teo ná 80°C á úsáid, coimeád súil ghéar ar leibhéal an leachta, beidh gá leis an leacht a bharrlíonadh go minic. Cruthófar gal, leis.
Cinntigh nach féidir leis an leacht aon gháis thocsaineacha a ghiniúint. Is féidir le gáis inadhainte cruinniú os cionn an leachta fad a bhíonn sé in úsáid.
Cinntigh go socraítear pointe scoir na huasteochta faoi bhun an phointe dóiteáin i gcás an leachta aistrithe teasa a roghnaítear
.
Cinntigh go bhfuil an leacht ag teocht sábháilte (faoi bhun 40°C) sula láimhseálann nó sula
ndraenálann tú é.
Ná hoibrigh riamh le trealamh damáistithe nó trealamh atá ag sceitheadh, ná le haon chorda damáistithe.
Ná hoibrigh an folcadán riamh gan leacht a bheith sa taiscumar
.
Ná hoibrigh an folcadán agus ná cuir leacht leis an taiscumar fad a bhíonn na painéil bainte.
Ná glan an folcadán le tuaslagóir
, úsáid ceirt bhog agus uisce.
Draenáil an taiscumar sula ndéantar é a iompar
, agus/nó a stóráil gar don reophointe nó faoina
bhun.
Cas an folcadán as i gcónaí agus dícheangail an voltas soláthair óna fhoinse cumhachta sula mbogtar an folcadán nó sula ndéantar aon seirbhísiú nó obair chothabhála. Iarr ar theicneoir cáilithe gach seirbhísiú agus deisiú a dhéanamh.
Iompar an folcadán go cúramach. Is féidir le croitheadh nó ísliú tobann na comhpháirteanna a dhamáistiú.
Is é an t-úsáideoir a bheidh freagrach as dí-éilliú má dhoirtear ábhair ghuaiseacha. Ceadaigh an déantóir maidir le dí-éilliú agus nó oiriúnacht oibreán glantacháin.
Má tá an folcadán le hiompar agus/nó a stóráil ag teocht fuar ní mór é a dhraenáil agus a shruthlú ina dhiaidh sin le meascán gliocóil/uisce 50/50 de ghrád saotharlainne.
Níor chóir ach do dhéileálaí cáilithe, a úsáideann trealamh deimhnithe, an gléas a dhíchoimisiúnú. Ní mór cloí le gach rialachán atá i bhfeidhm.
Féadfaidh staid ghuaiseach agus cur ar neamhní bharánta an déantóra a bheith ina thoradh ar fheidhmiú na nósanna imeachta suiteála, oibriúcháin nó cothabhála seachas iad siúd a ndéantar cur síos orthu sa lámhleabhar
.
Sula gcuirtear an corda leictreach isteach sa nasc folcadáin, cinntigh go bhfuil an cosantóir ciorcaid i riocht
O
(as).
Tar éis ceann amháin den chorda a cheangal den fholcadán, ceangail an ceann eile
d’asraon atá talmhaithe i gceart.
Agus é á oibriú gan chlaibín, ná gabhadh an t-uasphointe socraithe os cionn 60°C.
Tabharfar comhdhlúthú ar an taobh thall den chlaibín chun cinn má oibrítear an folcadán ag teocht ard. Bain an claibín go cúramach ionas go dtiteann an t-uisce siar isteach sa taiscumar agus ní ar
dhromchla an fholcadáin.
GA
Содержание Precision GP 02
Страница 24: ...DANGER WARNING CAUTION I II III NEC 100 80 40 C 50 50 O 60 C BG...
Страница 27: ...DANGER WARNING CAUTION I II III 100 80 C 40 C 50 50 O off 60 C EL...
Страница 45: ...2 4 Precision Thermo Scientific Chapter 2 General Information...
Страница 61: ...4 8 Precision Thermo Scientific Chapter 4 Operation...
Страница 63: ...5 2 Precision Thermo Scientific Chapter 5 Preventive Maintenance...
Страница 66: ......