
48
49
IE
IE
Saintréith
Cineál craicinn 1
Cineál craicinn 2
Cineál craicinn 3
Cineál craicinn 4
Craiceann
dath craicinn
an-gheal,
Claonadh breicní
a fháil
dath craicinn geal
dath craicinn
meánach
Craiceann
scothdonn
nó glasbhuí,
gan aon dhonnú a
bheith ort freisin
Gruaig
rua/fionngheal
fionn, bán-dhonn
dú-fhionn,
bán-dhonn
donn
donn nó dubh
Súile
gorm, glas,
bán-liath
gorm, liath, glas
donn, liath
donn/dubh
Griandó
go fíormhinic,
pianmhar
griandó go minic,
pianmhar
go hannamh,
go measartha
riamh, nach mór
Aga ama
féinchosanta
an chraicinn
ca. <10 nóiméad
ca. 10-20 nóiméad
ca. 20-30 nóiméad
ca. >30 nóiméad
Treoracha tábhachtacha don úsáideoir chun an fheidhm shábháilteachta a chomhlíonadh.
Ní mór aird a thabhairt ar na treoracha sa bhróisiúr eolais seo maidir le húsáid na
n-éadaí cosanta.
Comhartha CE Trealamh cosanta pearsanta de réir Rialacháin (AE) 2016/425 is ea
an táirge seo.
Tá an dearbhú comhréireachta ar fáil ag an nasc seo a leanas:
www.engelbert-strauss.com/declaration-of-conformity
Eolas ginearálta:
Tugtar eolas sa bhfaisnéis seo ón déantúsóir maidir leis na caighdeáin seo a leanas:
Tá an t-earra seo ag teacht leis an gcaighdeán EN ISO 13688:2013 (DIN EN ISO 13688:2013-12),
Éadaí cosanta - Riachtanais Ghinearálta - agus leis an gcaighdeán teicniúil AS/NZS 4399:2017
Sun protective clothing.
Comharthú na n-aicmí cosanta:
AS/NZS 4399:2017
UPF = Fachtóir Cosanta Solais Ultraivialait (Ultraviolet Protection Factor)
50+ = Fachtóir faoina méadaítear fachtóir féinchosanta an chraicinn
Tá aicme cosanta d’earra ar fáil ar an lipéad CE atá fuaite ar an taobh istigh den earra.
Tá comhdhéanamh ábhair an choda teicstíle ar an lipéad cothabhála atá fuaite isteach san earra.
Míniú na Siombailí:
Léiríonn siombail na monarchan an táirgeadh agus cuireann na huimhreacha an mhí
agus an bhliain in iúl inar táirgeadh an t-earra.
Feidhmíocht cosanta an Trealamh Cosanta Pearsanta & anailís riosca:
Tugann an t-earra cosaint duit ar ghathanna UV na gréine ar feadh tamaill theoranta. Ar an taobh
amháin braitheann an t-éifeacht chosanta ar an gcineál craicinn atá ort. Is féidir leat aga féin-
chosanta do chineál craicinn a thuiscint ón tábla thíos. Má iolraíonn tú leis an bhfachtóir cosanta
solais é gheobhaidh tú fad na tréimhse ama a bhíonn cosaint ar an ngrian agat. Is sa limistéar
clúdaithe amháin a thugann an t-earra cosaint ar phriacal na ngathanna UV nádúrtha. Dá mhéad
an limistéar den gcraiceann atá clúdaithe is ea is mó atá an chosaint. Caithfear gach limistéar
den gcorp nach bhfuil clúdaithe a chosaint trí tháirgí cosaint gréine eile, (spéaclaí, hataí, uachtar
gréine). Lena chois sin imríonn gnéithe eile tionchar ar éifeacht cosanta an earra: dá cúinge an
ball éadaigh is ea is lú an éifeacht cosanta.
Clúdaíonn na léinte an brollach mar aon leis na guaillí agus 3/4 de na lámha uachtair. Ní thu-
gann an hata aon chosaint ar ghathanna gréine ultraivialaite, idir fhrithchaiteach agus spréite.
Baintear an leithead imill 6 cm amach. Trí uamanna, shíneadh nó salú laghdaítear an éifeacht
cosanta freisin.
Úsáid chuí:
Tabhair le chéile imeall na n-éadach le táirgí cosanta gréine eile, uachtar gréine, mar shampla.
Más féidir, fan i limistéir faoi scáth nó leath-scáth agus caith na hearraí nuair a bhíonn sé meas-
artha scamallach freisin. Cinntigh nach sáraíonn tú an tréimhse uasta a ghabhann le do chineál
craicinn.
Treoir maidir le glanadh & cothabháil, stóráil chuí agus maidir le saolré:
Ní mór cloí leis na treoracha ar an lipéad chun an fheidhm chosanta a chaomhnú chomh maith
agus is féidir. Triomaigh an t-earra faoi scáth agus coinnigh i mball dorcha tirim é.
D’fhéadfadh go laghdófaí saolré na n-éadaí go mór de dheasca caithimh nó damáiste a tharlaíonn
le linn úsáide. Lena chois sin d’fhéadfadh salú trí shalachar, fliche, allas nó uisce clóirín nó uisce
salainn, nó tréigean trí sholas gréine saolré an Trealaimh Chosanta Phearsanta a laghdú.
MM/BBBB
Содержание e.s. Functional cap UV
Страница 31: ...ESBO0041 V1 ...