ϵƌϬKŶͲůŝŶĞ
'LVSRVLWLYR0HGLFR&ODVVH
0HGLFDO'HYLFH&ODVV
ͳͶ
>/','KjZD,',h/Z^h>EͲj^/djE>/d,ZM/
ZĠĂŵŚĐŚƷƌĂŝŵşĂŐƵƐdƌĞŽƌĂĐŚĂjƐĄŝĚĞ͘
Is í an doiciméid seo an
treoir shárthábhachtach
d’úsáid cheart agus shábháilte na ngléasanna
Ledragomma Original Pezzi®
ACTIVA small
agus
medium (beag-meánmhéid)
mar tá an
fhaisnéis riachtanach
inti chun lánsásamh a bhaint as na táirge agus
chun iad a úsáid de
réir rialacháin na sábháilteachta
a fhad is a mhaireann siad agus/nó a gcuid páirteanna.
ÚSÁIDÍ CEADAITHE – TEORAINNEACHA AGUS EISIAIMH
1.
Dearadh agus rinneadh an liathróid seo le húsáid i réimsí éagsúla, amhail an spórt, an chorpacmhainn, an chleasghleacaíocht,
agus i réimsí an leighis agus an oideachais ina theannta sin. Ná húsáidtear í le cuspóirí nach iad a shonraíonn
Ledragomma
.
2. Ní bréagán í.
3. Ná déan aclaíocht le barraí dioscaí, le tromáin lúith nó le meáchain ar bith eile agus tú ar an liathróid.
ISTIGH SA PHACÁISTE
4.
Tá gléas amháin sa phacáiste.
CUR ISTEACH/BAINT AMACH AEIR
5.
Le haer a chur isteach/bhaint amach, caithfear na snáthaidí maolbhioracha a thagann lena lán theannairí láimhe a úsáid (m.sh.
an Hand Pump 19 cm -140 CC nó 32 cm.- 300 CC ). Ná teann leis an bhéal.
MODH AGUS NÓS IMEACHTA DON CHÉAD ÚSÁID
6.
An chéad uair a úsáideann tú an liathróid, déan de réir na treoracha seo a leanas:
6.1) Tá comhla inmheánach sa ghléas atá oiriúnach d'aer a chur isteach/bhaint amach.
6.2) Fliuch snáthaid an teannaire láimhe sula n-ionsá tú sa chomhla í agus teann an gléas go mall, déan sosanna.
6.3) Ná teann riamh thar an uas-trastomhas a léirítear ar an ghléas féin agus/nó ar an phacáiste:
-
Original Pezzi® Activa small (Beag) Ø 12 cm
-
Original Pezzi® Activa medium (Meánmhéid) Ø 16 cm
TREORACHA AGUS RABHAIDH DON TEANNADH INA DHIAIDH SIN
7.
Nuair a theannann tú é ina dhiaidh sin, ná teann riamh thar an uas-trastomhas é.
RÉAMHCHÚRAIMÍ LE DÉANAMH ROIMH GACH ÚSÁID
8.
Seiceáil dromchla na liathróide roimh gach úsáid, agus ná bain taca don chorp aisti má tá gearrthacha, scríobthaí, poill nó
damáiste de shórt ar bith uirthi. Sna cásanna seo, chuirfí sábháilteacht na liathróide i gcontúirt agus d'fhéadfadh sí a roiseadh go
tobann agus tú a chaitheamh chun talaimh.
9.
Roimh gach úsáid, glan an liathróid le huisce agus le cneasghallúnach bhog agus bain na smáil is stalcánaí le halcól caolaithe.
TEOCHT ÚSÁIDE
10.
Rabhadh: coinnítear an liathróid ag teocht an tseomra (timpeall ar 18 - 20° C). Má tá sé an-fhuar, ná teann an liathróid go dtí go
mbaine sí teocht an tseomra amach.
DROMCHLAÍ ÚSÁIDE
11.
Úsáidtear an liathróid ar dhromchlaí boga. Ná húsáid an liathróid riamh in áit a bhfuil rudaí bioracha nó géara nó in aice le foinsí
teasa; ná fág an liathróid faoi sholas díreach na gréine nuair nach n-úsáidtear í.
RABHADH MAIDIR LE DEISIÚ
12.
Má tá poll nó gearradh, ná triail é a dheisiú, mar chuireann deisithe de dhéantús baile iomláine an táirge ó bhailíocht agus is údar
priacal mór iad don tsábháilteacht agus do shláinte an úsáideora.
INRIANAITHEACHT
13.
Ar chúl an leathanaigh seo tá cód 6 uimhir a léiríonn an mhí agus an bhliain ar táirgeadh an t-earra. Má bhíonn gearán agat,
luaigh an cód seo, le do thoil, mar sin is féidir an dáta agus dol na n-ábhar a aithint.
SÉANADH
14.
Séanann Ledragomma S.r.l. gach freagracht maidir le dochar do dhaoine, d'ainmhithe nó do rudaí nó don chomhshaol a thaga ó
úsáid an táirge nach bhfuil de réir réamhchúraimí agus threoracha úsáide agus cothabhála a léirítear sa leathanach seo a
sholáthraítear in éineacht leis an táirge.
NÓTAÍ
15.
Is féidir dathanna agus maisiúcháin éagsúla a bheith ar an liathróid ag brath ar an déantús.
dĄŝƌŐƚŚĞĂŐ͗
Ledragomma Srl - Zona Industriale C.I.P.A.F. – 33010 Osoppo (Ud) – An Iodáil
Teil.+39 0432/986049 – Facs +39 0432/986255 - [email protected] - www.ledragomma.com
dĄŝƌŐƚŚĞĚĞƌĠŝƌĐŚſƌĂƐĐĄŝůşŽĐŚƚĂĞŝŵŚŶŝƷ/^KϵϬϬϭ͗ϮϬϬϴͲϭϯϰϴϱ͗ϮϬϬϯ͞ŐůĠĂƐĂŶŶĂůĞŝŐŚŝƐ͟
GA