< PO_BASIC_OP_PMR >
3
OIBRIÚCHÁN BUNÚSACH
AN CHUMHACHT A LASCADH ANN/AS
Cineál eochrach:
Brúigh
[ ]
chun an trasghlacadóir a lascadh ANN.
Brúigh
[ ]
arís chun an trasghlacadóir a lascadh AS.
Cineál cnaipe:
Cas an
[Lasc cumhachta/Rialaitheoir fuaime]
deiseal chun an trasghlacadóir a lascadh ANN.
Cas an
[Lasc cumhachta/Rialaitheoir fuaime]
tuathal go hiomlán chun an trasghlacadóir a lascadh AS.
AIRDE NA FUAIME A OIRIÚNÚ
Cineál eochrach:
Brúigh an eochair ríomhchláraithe mar
[Airde Suas]
chun an airde a mhéadú. Brúigh an eochair ríomhchláraithe mar
[Airde Síos]
chun an airde a laghdú.
Cineál cnaipe:
Rothlaigh an
[Lasc cumhachta/Rialaitheoir fuaime]
chun an airde a oiriúnú. Deiseal chun í a mhéadú agus tuathal chun í
a laghdú.
AN SAINCHEANTAR AGUS AN CAINÉAL A ROGHNÚ
Roghnaigh an saincheantar agus an cainéal atá uait ag úsáid na n-eochracha atá ríomhchláraithe mar
[Saincheantar
Suas]
/
[Saincheantar Síos]
agus
[Cainéal Suas]
/
[Cainéal Síos]
.
TARCHUR
1
Roghnaigh an saincheantar agus an cainéal atú uait.
2
Roghnaigh an eochair ríomhchláraithe mar
[Monatóir]
nó
[Ciorcad Múchta As]
féachaint an bhfuil an cainéal saor.
•
Má tá an cainéal gafa, fan go mbeidh sé saor.
3
Brúigh an lasc
PTT
agus labhair isteach sa mhicreafón. Scaoil saor an lasc
PTT
chun glacadh.
•
Ar mhaithe le cáilíocht na fuaime ag an stáisiún glactha, coinnigh an micrafón idir 3 cm nó 4 cm ó do bhéal.
GLACADH
Roghnaigh an saincheantar agus an cainéal atú uait. Má tá comharthaíocht ríomhchláraithe ar an gcainéal a roghnaigh tú,
ní chloisfidh tú glao ach nuair a bheidh an glao a glacadh comhoiriúnaithe le socruithe do thrasghlacadóra.