nuashonruithe.
1.3
Cuardach Gutha
Is féidir leat cuardach a dhéanamh d'fhíseáin ceol nó
rud ar bith eile ar an Idirlíon díreach trí do ghuth a
úsáid. Is féidir leat labhairt isteach sa mhicreafón ar an
gcianrialtán.
Ní mór duit an cianrialtán a phéireáil leis an teilifís sula
n-úsáideann tú cuardach gutha.
Chun Guth a úsáid...
1 -
Brúigh
ar an gcianrialtán, lasfar an solas
gorm ar an gcianrialtán agus osclóidh an réimse
cuardaigh, tá an micreafón gníomhach.
2 -
Labhair amach an rud atá uait go soiléir. Is féidir
leat labhairt ar feadh 10 soicind sula gcasfar an
micreafón as. D'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil
sula dtaispeánfar na torthaí.
3 -
Is féidir leat an rud atá uait a roghnú ó na torthaí
ar an gcuardach.
1.4
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
Rabhadh
Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar
go bhféadfadh sé an comhartha IR a bhlocáil.
1.5
Ceallraí
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an
gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na
gceallraí ag bun an chianrialtáin.
1 -
Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear
ar an tsaighead.
2 -
Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra
Alcaileacha den chineál
AAA-LR03-1.5V
. Bí cinnte go
luífidh na deirí
agus
de na ceallraí isteach i
gceart.
3 -
Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus
sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.
Bain amach na ceallraí mura bhfuil an cianrialtán á
úsáid agat ar feadh tréimhse fada.
Diúscair do sheancheallraí go sábháilte de réir na
dtreoracha maidir le húsáid dheiridh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in
Cabhair
,
roghnaigh
Eochairfhocail
Deireadh Úsáide
.
1.6
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.
Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná
glantóirí tí nó an cianrialtán.