GA ‐ Sábháilteacht
Nuair a thaispeántar an tsiombail seo ar an táirge, ní mór d'úsáideoir an táirge féachaint ar an treoir suiteála chun eolas agus
comhairle sábháilteachta a fháil.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh sábháilteacht an trealaimh bheith lagaithe.
RABHADH:
Ní mór don SPA3 a bheith talmhaithe. Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthraithe talmhaithe don mheaisín
iomlán.
RABHADH:
Ní ceadmhach don SPA3 soláthar cumhachta a fháil go díreach ón phríomhlíonra.
Ní mór PSU aonair lochtlamhálach atá ceadaithe de réir BS EN 60950‐1:2006+A2:2013 ﴾nó leagan reatha﴿ a úsáid agus a nascadh
le soláthar a chuimsíonn seoltóir talún cosantach.
RABHADH:
Is féidir SPA3 a aonrú ón soláthar cumhachta tríd an nascóir cumhachta AC a dhínascadh den PSU seachtrach. Má tá
aon mhodhanna aonraithe breise riachtanach, ní mór do dhéantúsóir an mheaisín nó suiteálaí an táirge é a mhionsonrú agus a
shuiteáil. Ní mór an t‐aonraitheoir a shuiteáil cóngarach don oibritheoir CMM agus é i gcomhlíonadh le BS EN 61010‐1:2010 ﴾nó
leis an leagan reatha﴿ agus le haon rialacháin náisiúnta sreangaithe atá i bhfeidhm sa tír ina suiteáiltear é.
RABHADH:
Níor cheart cothabháil a dhéanamh ach amháin tar éis an meaisín a bheith aonraithe ón soláthar leictreach, ón soláthar
aeir comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir threoracha déantúsóir an mheaisín.
Sábháilteacht mheaisín
RABHADH:
Tá seans ann NACH gcoiscfear gluaiseacht an mheaisín gan choinne tríd an SPA3 a mhúchadh nó a aonrú. Moltar don
úsáideoir an meaisín a aonrú ón soláthar leictreachais, ó aer comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir treoracha ó dhéantúsóir
an mheaisín sula dtéitear isteach sa chrios guaise nó sula ndéantar aon oibriúcháin chothabhála.
AIRE:
Moltar go láidir do dhéantúsóir an CMM nó don té a aisfheistíonn an CMM tástáil thréimhsiúil ar an stop éigeandála, agus ar
an lasc athshocraithe a théann leis, más ann di, a áireamh sna treoracha cothabhála.
SPA3 installation guide
www.renishaw.com
Issued 11 2020
50