11 Treoracha sábháilteachta (Gaeilge)
59
11
Treoracha sábháilteachta (Gaeilge)
11.1.
Mar gheall ar an cháipéis seo
Is éard atá sa chaipéis seo ná treoracha sábháilteachta do
threalamh oibriúcháin leictreach le haghaidh limistéar a bhfuil baol
pléasctha iontu de réir Treorach 94/9/EC (ATEX)
Ní mór cloí leis na caighdeáin náisiúnta agus sonraíochtaí
comhfhreagracha agus an táirge seo á úsáid i limistéir a bhfuil baol
pléasctha iontu. Ní mór géilleadh do na sonraíochtaí suiteála, do na
lóid a ghabhann leo agus do na treoracha sábháilteachta laistigh
den cháipéis seo.
Ná déanadh aon duine ach an pearsanra atá oilte agus atá
údaraithe ag an oibreoir córais le haghaidh a dhéanta aon suiteáil,
nascadh leictreach, choimisiúnú, oibriú, nó chothabháil ar an táirge.
Ní mór na riachtanais tomhais agus na riachtanais atá bainteach le
sábháilteacht maidir leis na pointí tomhais a chomhlíonadh.
Mura bhfuil tú in ann na treoracha sábháilteachta seo a léamh, ní
ceadmhach duit an táirge seo a shuiteáil agus a choimisiúnú.
Áistriúchán is ea é an cháipéis seo ar an leagan Béarla de na
treoracha sábháilteachta.
11.2. Uimhir
teastais
PTB 08 ATEX 2010
11.3.
Lipéadú de réir Treorach 94/9/EC
II 2 (1) G Ex ia [ia] IIC T4
• Grúpa ionstraimí: II, ná húsáidtear ach amháin i limistéir nach
bhfuil baol gás mianaigh iontu
• Catagóir ionstraime: Tarchuradóir chatagóir 2 le ceangal le
haghaidh tóireadóir chatagóir 1
• Meáin: le haghaidh meascáin inphléasctha d’aer agus gáis,
gala nó ceocháin inlasta